Copertina del podcast

Bláth na dTulach

  • Nanette le Daithí Ó Muirí

    31 GEN 2024 · Fáthscéal mistéireach é seo a thugann ábhar machnaimh don léitheoir. Sa scéal seo, tugann Ó Muirí guth de chuid d'imní na haoise tríd a charachtair dhiamhaire dothomhaiste; ag cruthú atmaisféir theann tharraingteach lena chuid próis. Léite anseo ag an chraoltóir Dáithí Ó Muirí.
    Ascoltato 42 min. 37 sec.
  • Banríon an Dóchais le Seán Ó Muireagáin

    1 GEN 2024 · Cothaíonn beirt fhear cairdeas úr eatarthu féin agus iad ag dul siar in aois, cé gur ó chúlraí éagsúla iad. Déanann siad pleananna móra le chéile ach caidé mar a éiríodh leis na pleananna sin... Scéal éadrom le Seán Ó Muireagáin, á léamh anseo ag Dónall Mac Giolla Chóill, le comhrá bríomhar ina dhiaidh le Réaltán Ní Leannáin. https://blath-na-dtulach.com/banrion-an-dochais/
    Ascoltato 48 min. 50 sec.
  • Ar Deoraíocht

    2 DIC 2023 · Scéal croíúil Nollag é seo a thagann chugainn tríd shúile chailín óig a bhfuil a saol athruithe go hiomlán ag eachtraí nach bhfuil aon smacht aici féin orthu. Lán de spiorad na Nollag, tógfaidh an scéal beag seo do chroí. Scéal le Síle Uí Ghallchóir, léite anseo ag Caoimhe Nic Lochlainn.
    Ascoltato 16 min. 20 sec.
  • Éan le Dubhán Ó Longáin

    31 OTT 2023 · Scéal scéiniúil é seo le Dubhán Ó Longáin a phléann le roinnt ábhair agus ceisteanna deacra an lae inniu. Scéal é a bhaineann le hoibseisiúin mhífholláine, leis an mheabhairghalar agus leis an dóigh a dtig le scéal a dhul in olcas go gasta mar gheall ar mhíthuiscintí agus paranóia. Arna léamh anseo ag Caoimhe Ní Chathail le comhrá le Réaltán Ní Leannáin ina dhiaidh.
    Ascoltato 34 min. 10 sec.
  • An Bhearna le hEoghan Mac Giolla Bhríde

    11 OTT 2023 · Déanann athair iarrachtaí naisc a chruthú lena mhac agus é a ghríosú chun oibre. Ach sna hiarrachtaí sin nochtar bearnaí idir na glúnta, áit a gcailleann focail a mbríonna le ham agus áit nach dtuigeann an t-óg an aosta. Scéal coscrach, le cur síos íostach réalaíoch. Léite anseo ag Fionntán de Brún.
    Ascoltato 34 min. 17 sec.
  • Imram le Róise Ní Bhaoill

    1 SET 2023 · Tugann teagmháil theagmhasach le strainséir nach raibh sí ag dréim leis i mbusáras i dtír choimhthíoch ar an scéalaí í féin a cheistiú go domhain nuair a chluineann sí scéal ó bhéal duine nach bhfuil leath chomh hádhúil léi féin. Scéal láidir a théann i bhfeidhm ar an léitheoir mar an gcéanna leis an scéalaí, á léamh anseo ag Caoimhe Ní Chonchoille.
    Ascoltato 40 min. 54 sec.
  • Oileánach le Sam Ó Fearraigh

    1 AGO 2023 · Scéal corraitheach é seo a ardaíonn ceisteanna agus a ghearrann go domhain isteach i ngnóthaí na sochaí comhaimseartha i gcomhthéacs phobail bhig oileánach. Tá an scéal á léamh anseo go tuisceanach ag Milène Fegan
    Ascoltato 34 min. 1 sec.
  • Ní Tharlóidh Sé Arís le Seán Mac Gintidh

    1 LUG 2023 · Ní gnáthchás a bhíonn roimh na gardaí óga seo nuair a ghlaoitear amach orthu go teach Uí Chearbhaill mall san oíche. Ní cheiltear aon fhírinne sa scéal seo ach léirítear ann chomh caolchúiseach agus a bhíonn sé go minic. Scéal léirsteanach arna léamh anseo ag an léachtóir ildánach Seán Mac Corraidh.
    Ascoltato 31 min. 56 sec.
  • Mo Dheirfiúr Maja le Celia de Fréine

    31 MAG 2023 · Tiontaítear saol an scéalaí bunoscionn ag cogaí agus ag bás i gcathair atá tarraingthe as a chéile ag reibiliúnacha sa scéal diostóipeach seo. Ach is é an ceangal deireanach lena teaghlach a thugann dóchas di agus an fáth go leanann sí uirthi ag cuartú fríd an smionagar. Scéal cumhachtach le Celia de Fréine, léite go paiseanta ag Áine Ní Dhíoraí.
    Ascoltato 38 min. 19 sec.
  • Beidh a Cuid Féin ag an Fharraige le Máirín Jimí uí Fhearraigh

    2 MAG 2023 · Eachtra thragóideach a chur deireadh le modh iomlán maireachtála do phobal oileánda ar chósta iarthuaiscirt Dhún an nGall a bhfuil a lorg le feiceáil go fóill ar na daoine. Éist le scéal Mháirín Uí Fhearraigh fá iascairí Ghabhla á léamh anseo ag Dónall Ó Cnáimhsí.
    Ascoltato 19 min. 4 sec.

Léann aíonna speisialta gearrscéalta ón díolaim gearrscéalta Gaeilge Bláth na dTulach sa phodchraoladh liteartha seo atá curtha i láthair ag Réaltán Ní Leannáin. Gach mí léitear scéal úr ón díolaim...

mostra di più
Léann aíonna speisialta gearrscéalta ón díolaim gearrscéalta Gaeilge Bláth na dTulach sa phodchraoladh liteartha seo atá curtha i láthair ag Réaltán Ní Leannáin. Gach mí léitear scéal úr ón díolaim agus bíonn comhrá ag Réaltán leis na haíonna faoin scéal agus fúthu féin.
Tá gearrscéalta sa díolaim Bláth na dTulach ó 28 scríbhneoir, idir óg is aosta, as gach cearn de Chúige Uladh.

Podchraoladh taifeadta i Stiúideo Cuisle Ceoil in Aonad Naomh Pádraig, Dobhar, Gaoth Dobhair.

Buíochas le Mícheál Ó Dochartaigh.

Ceol le Ketsa
© Ketsa 2021


An Irish language podcast featuring a different short story read by a native Irish language speaker in each episode followed by a short discussion with the editor of the book Bláth na dTulach.
mostra meno
Contatti
Informazioni

Sembra che non tu non abbia alcun episodio attivo

Sfoglia il catalogo di Spreaker per scoprire nuovi contenuti

Corrente

Copertina del podcast

Sembra che non ci sia nessun episodio nella tua coda

Sfoglia il catalogo di Spreaker per scoprire nuovi contenuti

Successivo

Copertina dell'episodio Copertina dell'episodio

Che silenzio che c’è...

È tempo di scoprire nuovi episodi!

Scopri
La tua Libreria
Cerca